|
Untitled Document
ÉireComposites Teo win Údarás na Gaeltachta Inaugural
Gradam Gnó Business Award
Pictured after winning the Innovation Award
at the Gradam Gnó na Gaeltachta (Gaeltacht Business Awards) 2007, are
(from left): Padraig Ó h-Aoláin, Chief Executive Officer, Údarás
na Gaeltachta, PJ Feerick and Conchúr Ó Brádaigh, Joint
Managing Directors, ÉireComposites and Terence ORourke, Partner,
KPMG Chartered Accountants
ÉireComposites Teo., based in An Cheathrú Rua, Co. Galway has
won the "Innovation" category in the Údarás na Gaeltachta
Business Awards. The awards, which highlight and reward progressive Gaeltacht
based companies, were presented to the Joint MDs of the company at an award
ceremony in Galway last night (Sunday 2nd December).
Dr. Conchúr Ó Brádaigh and Mr. PJ Feerick are Joint Managing
Directors of ÉireComposites, a true world leader in the design, manufacturing
and testing of lightweight, high performance fibre-reinforced composite materials.
It has established accredited aerospace composites manufacturing and testing
facilities in Galway to service its 60 customers worldwide who are in the aerospace,
wind energy, marine, Formula 1 racing and general automotive sectors. It is
one of the few companies in the world that can offer integrated design, tooling,
manufacturing and testing of composites in a single organisation.
Speaking at the Awards, Padraig Ó hAoláin, Chief Executive of
Údarás na Gaeltachta, said, "ÉireComposites was chosen
as "Innovation" category winners of this first Gradam as it is an
ideal example of a vibrant and outward looking Gaeltacht employer. The purpose
of these awards is to show off the wide variety of companies that are successfully
working in the Gaeltacht regions, right across the country, and we hope that
this might inspire other entrepreneurs to look at the Gaeltachtaí as
a place where there is a ready highly skilled and educated workforce, where
staff turnover is below the national average and where the quality of life quite
simply cannot be matched."
The judging panel, chaired by Pádraic Ó Céidigh (Chairman
of Aer Árann), selected the ÉireComposites as "Innovation"
category winners following an extensive business analysis undertaken by chartered
accountants and business advisors KPMG.
Commenting on all the nominees Pádraic Ó Céidigh, said
"We can be proud of each and every one of these businesses for their vision,
determination and success. They are examples to all of us regarding what can
be achieved in co operation with key partners like Údarás. These
awards can be the basis to inspire others to make our regions the best place
in the world to do business. There is something unique about where we live,
raise families and work."
Commenting on the award, Dr. Conchúr Ó Brádaigh of ÉireComposites
said "PJ Feerick and I set up the business in 2006 following the merger
of four separate companies and since then we have established a leading position
in the manufacturing of composite blades for household wind turbines, and in
aerospace composites manufacturing and testing. We are continuously researching
and developing the use of thermoplastic composite products and product testing
to identify new opportunities and hope to grow the number of skilled employees
to 126 by the end of 2010".
The company was particularly thankful to Údarás na Gaeltachta
and the executives within the organisation who have been supportive to them
over the years.
Ráiteas Nuachta Cosc 3 Nollaig 2007
Gradam Gnó na Gaeltachta 2007 Bronnta
Bronnadh dhuaiseanna Ghradam Gnó na Gaeltachta 2007, comórtas
de chuid Údarás na Gaeltachta, ag searmanas bhronnta a bhí
ar siúl i nGaillimh aréir (Dé Domhnaigh, 2 Nollaig 2007.
Is é an comhlacht Nemeton Teo, a bhuaigh an mór dhuais. Bronnadh
na duaiseanna ar buaiteoirí sna catagóirí mar a leanas:
Mórchomhlachtaí Earagáil Éisc, Mín an Áoire,
Co. Dhún na nGall
Nuálaíocht ÉireComposites, An Cheathrú Rua, Co.
na Gaillimhe
Teangabhunaithe Nemeton, An Rinn, Co. Phort Láirge
Acmhainní Nádúrtha Brian de Staic, An Daingean, Co. Chiarraí
Tionchar ar an Réigiún Earraí Coillte Chonnachta, Corr
na Mona, Co. na Gaillimhe
Ag labhairt dó ag an ócáid bhronnta, dúirt Pádraig
Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na
Gaeltachta, "Is í aidhm na nduaiseanna seo ná an réimse
mór comhlachtaí atá ag feidhmiú go rathúil
sna réigiúin Ghaeltachta ar fud na tíre a thaispeáint,
agus tá súil againn go b'fhéidir go mbeadh seo ina inspioráid
do fhiontraithe eile féachaint ar na Gaeltachtaí mar láthair
ina bhfuil lucht saothair le ard-scileanna agus atá ard-oilte, áit
a bhfuil ráta iomlaoide foirne atá níos ísle ná
an meán náisiúnta agus áit a bhfuil caighdeán
saoil nach bhfuil le fáil in aon áit eile".
Roghnaigh an painéal moltóireachta, ar a raibh Pádraig
Ó Céidigh mar chathaoirleach, na buaiteoirí tar éis
anailís chuimsitheach ghnó a bhí déanta ag na cuntasóirí
cairte agus comhairleoirí gnó KPMG.
Ag tagairt de na comhlachtaí go léir a bhí ainmnithe,
dúirt Pádraig Ó Céidigh "Is féidir linn
a bheith bródúil as gach comhlacht atá anseo anocht, as
a bhfís, a ndíograis agus a rath. Is eiseamláirí
sibh dúinn uile, a léiríonn céard is féidir
a bhaint amach i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí
ar nós Údarás na Gaeltachta. Ní amháin sin,
ach tá a fhios agam go bhfuil neart daoine eile ar fud na Gaeltachta
a bhfuil gnóthaí iontacha curtha ar bun acu. Bíodh sé
seo mar inspioráid do dhaoine ár réigiúin a bheith
ar an áit is fearr ar domhan chun gnó a dhéanamh. Tá
rud éigin leithleach faoin áit seo ina bhfuilimid inár
gcónaí, ina dtógaimid ár dteaghlaigh agus ina ndéanaimid
ár gcuid oibre.
· Nemeton (Mór dhuais agus an catagóir Teangabhunaithe)
Is comhlacht léirithe teilifíse é Nemeton a sholáthraíonn
an chuid is mó de na cláir spóirt do TG4. Is é Irial
Mac Murchú, a bhí ina shaoririseoir ag an am, a bhunaigh an comhlacht
Nemeton Teo, atá lonnaithe i nGaeltachta na Rinne, i gCo. Phort Láirge,
in 1993. I láthair na huaire, tá 26 duine fostaithe go lánaimseartha
mar aon le fosaithe páirtaimseartha agus séasúracha, ag
braith ar riachtanais léiriúcháin. Cé gur ar chláir
spóirt a dhírigh an comhlacht i dtús aimsire, tá
siad ag díriú ar chláir eile le gairid ar nós cláir
fhaisnéise, stíl mhaireachtála agus shláinte ar
nós 'The Health Squad', 'The Brothers' agus 'Éire Fó-Thoinn'.
Chomh maith le léiriúchán teilifíse, tá
fo-chomhlacht ag Nemeton, Digistat Teo, a sholáthraíonn áiseanna
cumarsáide shatailíte do chomhlachtaí Éireannacha
agus idirnáisiúnta ar nós BBC, Cainéal 4, ITV, cainéil
teilifíse i Meiriceá agus le déanaí Teilifís
Sky.
Nuair a bhí deacracht ag an gcomhlacht fostaithe le taithí a
earcú, d'fhorbair siad cúrsa tríú leibhéal
iarchéime, Ard Dioplóma i Léiriú Teilifíse,
i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Phort Láirge (WIT).
Tá sé seo mar pháirt d'aidhm fhadtéarmach atá
ag Nemeton lárionad foirfeachta in oiliúint léirithe teilifíse
a chruthú mar go gcaitheann an chuid is mó de na daoine ar spéis
leo cúrsaí teilifíse/meáin, dul go Baile Átha
Cliath faoi láthair. D'fhostaigh Nemeton seachtar as na ceithre dhuine
dhéag a chríochnaigh an chéad chúrsa in Institiúid
Teicneolaíochta Phort Láirge agus tá an dara cúrsa
ar siúl faoi láthair.
· Brian de Staic Teo (catagóir Acmhainní Nádúrtha)
Dearann, táirgeann, margaíonn, díolann agus dáileann
an comhlacht seo, ag a bhfuil dhá cheardlann lonnaithe i nGaeltacht Chiarraí,
seoda lámhdhéanta d'ardchaighdeán, go háitiúil
agus go hidirnáisiúnta. Tá seacht gcinn de shiopaí
ag an gcomhlacht in Éirinn agus osclaíodh ceann le gairid i California,
SAM, an chéad fhiontar thar lear.
· Earagáil Éisc Teo (catagóir Mór-chomhlachtaí)
Is é an comhlacht Earagail Éisc Teo, atá lonnaithe i Mín
an Aoire i nGaeltacht Dhún na nGall, a bhuaigh an catagóir Mór-chomhlachtaí.
Táirgeann an comhlacht táirgí sliogéisc d'ardchaighdeán
atá brandáilte agus cócaráilte, fuaraithe agus pacáilte
agus ansin easpórtáiltear chuig príomh mhargaí an
chomhlachta timpeall na hEorpa (30% chun na Fraince), an Áis, &rl.
Tá sé beartaithe ag an chomhlacht an áis phróiseála
a fhorbairt go ard chaighdeán idirnáisiúnta, rud a chuirfidh
le hioncaim agus tréchur a dtáirgí breisluacha.
· ÉireComposites Teo (catagóir Nuálaíoch)
Tá Éire Composites Teo go mór chun tosaigh sa domhan i
ndearadh, i dtáirgeadh agus i dtástáil ábhair éadrom
ilchodach. Tá comhlacht déantúsaíocht ilchodacha
aeraspáis bunaithe ar An gCeathrú Rua i nGaillimh chun freastal
ar 60 custaiméara ar fud an domhain sna hearnálacha aeraspáis,
fuinneamh gaoithe, mara, rásaíocht Formula 1 agus feithiclí
ginearálta. Tá sé ar cheann de na cúpla comhlacht
ar domhan a bhfuil ar a gcumas dearadh comhtháite, táirgeadh agus
tástáil a dhéanamh in aon chomhlacht amháin.
· Earraí Coillte Chonnachta Teo (catagóir Tionchar ar
an Réigiún)
Bhuaigh Earraí Coillte Chonnacht Teo, atá lonnaithe i gCorr na
Móna, Co. na Gaillimhe, an catagóir Tionchar ar an Réigiún.
Tá 110 duine fosaithe go lánaimseartha ag Earraí Coillte
Chonnacht Teo, atá ar cheann de na próiseálaí adhmaid
is mó sa tír, agus 200 eile go hindíreach. De bharr na
bpróisis atá in úsáid ag ECC, ní bhíonn
aon dramhaíl in aon chur acu, mar go bhfuil ceannaitheoirí acu
do gach ní a tháirgeann siad, ón adhmad a úsáidtear
sa tionscal tógála agus i bpailléid, sliseanna glan a dhíoltar
le táirgeoirí doirse, díoltar an min sáibh agus
ar deireadh díoltar an coirt le comhlachtaí gortóireachta.
Nuair a smaoiníonn tú gur acmhainn nádúrtha atá
san amhábhar, is iontach an rud é nach bhfuil aon dramhaíl.
|
|