|
Untitled Document
ÉireComposites Awarded €1.9 million
in European Space Agency R&D Projects
Minister Batt O'Keeffe Makes Announcement in Indreabhán, Co. Galway
Pictured at the announcement were (l-r) Minister for Enterprise,
Trade
and Innovation, Batt OKeefe, T.D. with Dr Conchur Ó Brádaigh
and PJ
Feerick, Joint Managing Directors of ÉireComposites Teo.
Galway company, ÉireComposites Teo. today announced that it has been
awarded a total of €1.9 million in Research and Development contracts
from the European Space Agency, aimed at producing new lightweight composite
technologies for future space launcher and satellite structures.
These contracts will create 3 new graduate engineering positions at the company
- which is supported by Údarás Na Gaeltachta - and support 7
more engineering and technician positions. The company already employs 55
people in a state of the art facility for lightweight aerospace and renewable
energy products in Indreabhán, Co. Galway.
Announcing the contracts today at the company's Galway headquarters, Minister
for Enterprise, Trade and Innovation, Batt O'Keefe, T.D. said; "ÉireComposites
Teoranta are to be congratulated on their success in winning these ESA contracts.
This company is an excellent example of how small Irish companies, with a
rural base, can succeed in highly competitive markets, by employing the right
skills and concentrating on highly innovative technology."
Responding to the Minister's comments, ÉireComposites
Joint Managing Director, Dr. Conchúr Ó Brádaigh said;
"Winning ESA contracts is an important factor in developing our company's
technical capabilities and will position the company to grow in both the space
and aerospace market. With the support of Enterprise Ireland and Údarás
Na Gaeltachta, we are looking forward to developing EireComposites into one
of Europe's leading firms in the commercial space and aerospace markets"
Welcoming the announcement, Pádraig Ó hAoláin CEO of
Údarás na Gaeltachta, said that it is vital that Gaeltacht-based
companies have access to state-of-the-art Research and Development facilities
that allow them compete on a global scale. This venture is a good example
of enhanced collaboration between development agencies which ensures that
client-companies are given the best opportunities available.
ÉireComposites' technology is in the design and processing of advanced
lightweight composite materials that can be applied in a range of applications
including aircraft, wind turbines, automotive and spacecraft. The ESA contracts
will enable the company to develop these lightweight materials that can withstand
the extreme environment of space flight, including extreme temperatures, pressures
and turbulence, at the same time reducing the spacecraft weight and the launch
costs.

Pictured at the announcement were (l-r) Minister for Enterprise,
Trade
and Innovation, Batt OKeefe, T.D. with Dr Conchur Ó Brádaigh,
Managing
Director of ÉireComposites Teo.
€1.9 milliún bronnta ag an ESA
(Gníomhaireacht Spáis na hEorpa)
ar ÉireComposites i gConarthaí
Taighde agus Forbartha
Fógairt á dhéanamh ag an Aire Batt O'Keefe in Indreabhán,
Co. na Gaillimhe
Tá sé fógartha ag ÉireComposites Teo, comhlacht
as Gaeltacht na Gaillimhe, inniu go bhfuil €1.9 milliún bronnta
ag Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (European Space Agency) ar an
gcomhlacht i gconarthaí Taighde agus Forbartha, chun teicneolaíochtaí
ilchodach éadrom a tháirgeadh do lainseálaí spáis
agus struchtúir satailíte todhchaíoch.
Cruthóidh na conarthaí seo trí phost nua sa chomhlacht
- atá ag fáil cúnamh ó Údarás na Gaeltachta
- do chéimithe innealtóireachta, agus tacóidh siad le seacht
bpost eile idir innealtóirí agus teicneoirí. Tá
55 duine fostaithe sa chomhlacht cheana féin in áis ardtheicneolaíochta
ina ndéantar táirgí éadrom aeraspáis agus
fuinnimh in-athnuaite in Indreabhán, Co. na Gaillimhe.
Ag fógairt na gconarthaí inniu ag ceanncheathrú an chomhlachta,
dúirt an tAire Fiontar, Trádála agus Nuálaíochta,
Batt O'Keefe, T.D., "Tá comhghairdeas le déanamh le hÉireComposites
Teoranta as ucht gur éirigh leo na conarthaí seo a fháil
ó Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa. Is dea-shampla é
an comhlacht seo ar conas gur féidir le comhlachtaí beaga, atá
lonnaithe i gceantar tuaithe, a bheith rathúil i margaí atá
thar a bheith iomaíoch, trí na scileanna ceart a fhostú
agus díriú ar theicneolaíocht atá thar a bheith
nuálach".
Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt An Dr. Conchúr
Ó Brádaigh, duine de Bhainisteoirí Stiúrtha ÉireComposites,
"Is gné an-tábhachtach i bhforbairt acmhainní teicniúla
an chomhlachta iad na conarthaí seo a bheith buaite againn agus ligfidh
sé don chomhlacht fás sna margaí spáis agus aeraspáis.
Le tacaíocht ó Fhiontraíocht Éireann agus Údarás
na Gaeltachta, táimid ag tnúth le hÉireComposites a fhorbairt
ionas go mbeidh sé ar cheann de na comhlachtaí is mó a
bheidh chun cinn sna margaí tráchtála spáis agus
aeraspáis".
Ag cur fáilte roimh an fhógairt, dúirt Pádraig
Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na
Gaeltachta, go bhfuil sé riachtanach go mbeidh rochtain ag comhlachtaí
atá bunaithe sa Ghaeltacht ar áiseanna taighde agus forbartha
den scoth a ligfidh dóibh a bheith iomaíoch go domhanda. Is sampla
maith é an fiontar seo ar dhlúth chomhoibriú idir na gníomhaireachtaí
forbartha, a chinntíonn go gcuirtear na deiseanna is fearr atá
ar fáil do chliant-chomhlachtaí.
Tá teicneolaíocht Éirecomposites bunaithe ar dhearadh
agus ar phróiseáil ábhair ilchodach éadrom gur féidir
a úsáid ar bhealaí éagsúla ar a n-áirítear
aerárthach, tuirbíní gaoithe, automotive agus spásárthach.
Mar thoradh ar chonarthaí Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa,
beidh ar chumas an chomhlachta na hábhair éadrom seo a fhorbairt
a bheidh ábalta timpeallacht foircneach spáseitilt a sheasamh,
ar a n-áirítear teocht fhoircneach, brúnna agus suaiteacht,
agus ag an am céanna ag laghdú meachán an spásárthaigh
agus costais lainseála.
|