Tá áthas ar ÉireComposites agus CTL 25 bliain i mbun gnó a cheiliúradh an Márta seo! Ba mhaith linn nóiméad a thógáil chun an garsprioc suntasach seo i dturas ár gcomhlachta a mharcáil, agus chun buíochas a ghabháil le chuile duine ar bhuail muid leo ar an mbealach. Tá líonra dochreidte eagraíochtaí agus daoine cothaithe againn thar na blianta. Tá foireann tógtha againn a chuireann chun cinn muid mar comhlachtaí nuálacha, cruthaitheacha i dtionscail atá go síoraí ag forbairt. Ag caitheamh súl ar an todhcaí, tá muid dóchasach go mbeidh an chéad 25 bliain eile chomh rathúil céanna!